RootsChat.Com
Ireland (Historical Counties) => Irish Language => Topic started by: MikeW on Sunday 05 June 05 23:14 BST (UK)
-
:)Tá an suíomh seo uaigneach go leor fós; mar sin, táim ag cur cúpla focal isteach : an bhfuil éinne eile amuigh ansin le hábhar a a phlé ?
Micheál.
-
Conas atann sibh go leir? Ta mo chuid gaeilge go huafasach anois t'reis beagnach fiche bliain gan focal a labhairt i Sasana, ach taim abalta i a leamh cuiosach maith. Bhaineas ceim amach san teanga fiche bliain o shin, ach ta si beagnach go leir dearmadta agam!
Ceallachain
-
Dia dhuit, a Cheallacháin ! Bhí mé ag ceapadh nach raibh éinne eile beo ar an suíomh seo......agus mise ag caint liom féin ! Chaith mise naoi mbliain 's fiche i Sasana, freisin, gan mórán cleachtadh ar an teanga, seachas leabhair a léamh - agus, cosúil leat féin, í mar theanga laethúil agam go dtí an chéad bhliain ag UCD. Tiocfaidh an líofacht ar ais, tar éis tamaill. Stair na clainne a thóg anseo mé(Rootschat), ach ní bhfuair mé aon rud úsáideach fós.
Beidh me anseo arís.
Slán --
Micheál.
-
(Message cancelled).
-
Suimiul go maith sibh a fheiceal annseo leads, ta suil agam go leanfhaidh an lathair dika
-
Dia dhaoibh go leir. T a se an-uaigneach anseo, gan dabht. Bhfuil einne ann chun comhra a thosnu? Nil mo chuid gaeilge ro-mhaith anois ach deanfad mo dhicheall!
C
-
Nil mo chuid fhein ro mhait ach an oirid, ach bainim usaid as o am go ham. bhi me ag drama nua scriofa ins and Taibhdhearc an la cheana le Joe Steve O Neachtain as an spideal bhi se go hiontach
Beir beannacht D
-
Beannachtai na Nollag agus athbhliain faoi mhaise daoibhse go leir i 2007! Ta dochas agam go mbeidh I bhfad nios mo gaeilge in usaid ar an suiomh seo san athbhliain. :)
-
:) Agus ort féin !
Thosaigh mé ar an suíomh seo toisc go raibh litriú mí-cheart ar an dtideal (Gaeilge) -- Tá se ann fós !
Is cosúil nach bhfuil mórán spéise san ghineolaíocht imeasc gaeilgeoirí............Cén fáth ? - D'imigh go leor acu thar lear san 18ú céad. Tuairim ag éinne ?
Micheál.
-
Ta suim an-mhor agam fein sa ghineolaiocht ach b`fheidir go mbionn nios mo suime sa ghnath-ghaelgeoir I litriocht,cursai pholaitiuil,no ceol agus ragairneacht! ;D
-
8) Cos - An ceart agat ansin, gan amhras !
Ach, i ndáiríre, nach ait é nach bhfuil aon duine amháin le ceist nó comhrá faoi aon cheann de na réigiúin ghaeltachta -- fiú amháin ar ábhair nach mbaineann le gineolaíocht ?
Micheál.
-
A Mhicheal,
Aontaim o`m chroi leis na rudai a deir tu! Is mor an trua nach gcuirtear nios mo suime ins an chuid seo de Rootschat.Ca bhfuil tu fein I do chonai ! ? As Beal Feirste dom fein.Ta suiomh beag filiochta de mo chuid fein agam-seo an nasc ma bhionn cupla bomaite sa bhreis agat chun feachaint air :D
http:/m.maccoisdeala.tripod.com/dara
le dea-mhein .Cos
-
:)Cos ~
Tháinig mé ar do shuíomh 'Dánta Dúnta' roimhe seo, nuair a bhí mé ag gabháil (nó ag googláil) tríd na leathnacha filíochta. Suim agam féin sa bhéarsaíocht ó bhí mé óg(fadó, fadó, fadó......). Táimse suite timpeall céad míle ó dheas, i gCo. na Mí. Cuid den phleanáil fad-aimseartha agam cuairt a thabhairt ar PRONI uair éigin chun roinnt lorg a dhéanamh : rugadh seanathair liom i dTír Eoghain, taobh le Loch nEacach.....Má mhairim fada go leor !
Slán go fóill ~
Micheál.
-
Dia Duit `is Muire a Mhicheal!
Ma mhaireann tu go dti an Samhradh seo chugainn beidh mise leatsa go dti an PRONI.aistear chuig bhomaite o dhoras s`agamsa ata I gceist.Mi Iuil no Mi lunusa is fearr domhsa .Bimse saor o`n scoil ar feadh beagnach dha mhi.Dean teagmhail liomsa am eigin I mi meitheamh.Le dea-mhein ,Micheal.
-
:-[
Cos-
Beagáinín déanach leis an bhfreagra seo, ach bhí rudaí eile ar siúl . Níl aon laethe saoire socraithe - agus ní bheidh, go dtí níos déanaí sa bhliain....mí Iúil nó Lúnasa....agus b'fhéidir 2008 !
Fairíor, sin mar atá liomsa - seans go n-athróidh an scéal insna míosa ag teacht, ach braitheann sé ar dhaoine eile agus an 'job'.
Beidh mé anseo arís.
Slán go fóill ~
Micheál.
-
Ta do chuid Gaeilge go han-mhaith ar fad agus bhi me abalta e a thusicint in gceart gan aon fadhb. Ta mo Ghaeilge begnach dearmadta agam anois, ach taim im chonai caoga mile on Albann agus bhfeidir go mbeidh me abalta Gaeilge na hAlbann a fhoghlaim.
-
Go rabh maith agaibh! ('Tapadh leat' anseo!)
Ta me ag amharc ar Eireann on taigh (teach?) agam anseo ann Alba!
Slan,
Chris
-
"tigh" no "teach"! Ta an tadh leat agus tu ag feachaint, no ag amharc ar Eirinn!
Slan go foill!
-
Nach deas an garsúin sa pictiúir thuas!
Measaim nach sin mar atá sé anois...
:D ;D
-
seachan na taibhsí agus na cailleacha amárach!!
Tá Oiche Shamhna ag teacht amarach - bain taithneamh as! Ta an Samhradh thart agus tá an Geimhreadh ann anois - nach fuar a bhí an aimsear inniú?
oíche sona daoibh go léir
dea-ghuí ó eadaoin
-
Anocht oíche na daoine atá imithe ar slí na fírinne.. Dia is a mháthair leó.
Mar leis an Nollaigh, nuair a eiríonn an glúin óg, in aois, agus caitheann síad uatha na rudaí páisteach, imíonn an sult agus an craic as an Samhain. Is trua sin! Ach sin mar atá sé....
Féasta draoíchta, isea an Samhain. Is dóigh liom go cuireann sé i gcuimhne dúinn, gach a bhain leis na daoine Ceilteach... :)
Beidh mé in áirdeall dos na Cailleach is na taibhsí;D
Bígi slán !