RootsChat.Com

Ireland (Historical Counties) => Irish Language => Topic started by: trystan on Wednesday 09 July 03 11:01 BST (UK)

Title: Linc: Irish Gaelic
Post by: trystan on Wednesday 09 July 03 11:01 BST (UK)
Tír gan teanga, tír gan anam

http://www.irishgaelictranslator.com/
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: JPC on Sunday 19 December 04 04:32 GMT (UK)
Trystan,

Sin ceart.

Ni gaeilge mor agam ach  foghlaim me an teanga ????

Ta giota beag agam anois

Slan

Seamus (JPC)
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: JAP on Thursday 17 March 05 08:50 GMT (UK)
http://www.irish-sayings.com/saint-patricks-day.php?feature=481

Lá fhéile Pádraig

Go n-ithe an cat thú is go n-ithe an diabhal an cat

Éireann go Brách

Beannachtaí na féile Pádraig

J
PS: Sorry for writing in English (I have no Irish so it's all plagiarised though no copyright concerns I believe - not to mention that I had some problems with accents) but this board was looking so very lonely that it didn't seem right to let March 17 pass without a post - so I found the above on the Web.
PPS: A nice Google logo - at least for today at:
http://www.google.com.au/
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Shaztoni on Sunday 05 March 06 15:38 GMT (UK)
http://www.englishirishdictionary.com/

Slán

Sharon
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Sunnyhill on Friday 29 June 07 13:06 BST (UK)
Mo lanuin  seacht  fomhuireáns  air.
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Sunnyhill on Friday 29 June 07 13:31 BST (UK)
Go raibh míle maith agat ar idirbhealaí sin.  [????]

 :)
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: sallreen on Monday 22 September 08 06:06 BST (UK)
if you want to hear Irish people speaking in their native tongue, then you'll have to go to Gaeltacht areas when in Ireland. Gaeltacht areas are places in Ireland (mainly in the west) where the Irish language is still the everyday spoken language of the local people.
---------------------
Sally
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Wednesday 24 September 08 18:51 BST (UK)
Is féidir Gaeilge a cloisint i mBaile Átha Cliath freisin ó am go h-am - Bhí mé féin agus mo cáirde ag cómhrá le chéile inniú san Óstán in aice linn i dtuaisceart na cathrach. Buailimid le chéile 2 uair sa mhí.

(brón orm  - tá mo ghramadach go h-olc!)

use it or lose it, mar a deirtear !!!

go n-eirí an bóthar libh go léir

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Tuesday 07 October 08 07:38 BST (UK)
Is é do rogha í a labhairt,
Is é do cheart í a úsáid !

An Ghaéilge....
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Thursday 09 October 08 23:02 BST (UK)
An Ghaeilge
Is mise an Ghaeilge
Is mise do theanga
Is mise do chultúr
D`Úsáid na Filí mé
D`Úsáid na huaisle
D`Úsáid na daoine mé
is d`Úsáid na lenaí
Go bródúil a bhí siad
Agus mise faoi réim.

Ach tháinig an strainséir
Chuir sé faoi chois mé
Is rud ní ba mheasa
Nior mhaith le mo chlann mé
Anois táim lag
Anois táim tréith
Ach fós táim libh
Is beidh mé go beo.
Tóg suas mo cheann
Cuir áthas ar mo chroí
Labhraígí mé
Ó labhraígí mé!
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Thursday 09 October 08 23:45 BST (UK)
Aislinn
 
Cé scríobh an dán seo? Is maith liom é!

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Friday 10 October 08 09:16 BST (UK)
Dia leat ar Maidin Eadaoin.

Nil fhios agam ce scriobh e sin... 
Ach fan, bfeidir go mbeadh me abalta  ainm an schriobhnoir a fhail amach...

Beidh me ar ais...
 :) 
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Friday 10 October 08 09:26 BST (UK)
Téir go, Google agus cuir isteach THE IRISH PAGE..
Géobhfaidh tú ansin é.


Lé maith agat!
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Friday 10 October 08 18:25 BST (UK)
Dia dhuit, Aislinn

Ta an suíomh "THE IRISH PAGE" an-shuimiúl. go raibh míle maith agat

le dea-ghui,eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Monday 13 October 08 17:49 BST (UK)
Fáilte is fichid rómhait..

 :)
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Wednesday 22 October 08 09:18 BST (UK)
Mallacht - Celtic Curses

 Go n-ithe an cat thú is go n-ithe an diabhal an cat.
(May the cat eat you, and may the devil eat the cat.)

 Titim gan éirí ort.
(May you fall without rising.)

 Imeacht gan teacht ort.
(May you leave without returning.)

 Póg mo thóin.
(Kiss my butt!)

 Trasna ort féin.
(Go... yourself!)

 Dóite agus loisceadh ort.
(Burning and scorching on you.)

 Plá ar do theach.
(A plague on your house.)

 Go mbeadh cosa gloine fút agus go mbrise an ghloine
(May you have glass legs and may the glass break)                                       ;D


Tá  i b'fhad níos mó ná  seo   agam   ...   
Beidh mé ar ais i  gceann tamaillín
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Wednesday 22 October 08 18:43 BST (UK)
agus ná dein dearmhad ar na beannachtaí freisin, AISLINN - an bhfuil siad agat?

go n-eírí an bothair leat! 7rl ...

Tá mise agus AISLINN ag caint le céile anseo ó am go h-am -- an bhfuil daoine eile sa domhain?

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Thursday 23 October 08 13:11 BST (UK)
Tá  'Seanfhocail na Mumhan'   (An Seabhac)  agam.  Is ansin atá siad go léir.  Níl na h- aistriúcáin  ó Gaéilge  go béarla  sa leabhair....

  Admhaoím nach  bhfhuil an Gaéilge cómh fluirseach  agam mar is a bhíodh,  agus toisc san,  bíonn orm  usáid a bhaint as  an Fóclóir  Béarla- Gaéilge.    le Tomás De Bhaldraithe...

An Bhíobla! ;D

Seo cúpla beannachtaí..


I bfadh uainn an t-olc.
(le linn aon drochscéil)

Duine oraibh is  gan aon duine dhíbh.
(duine clainne breise agus gan aon duine sa teaghlach a fháil bhás idir an dá linn)

Mura fearra nára measa.
(I dtaobh drochscéil éigin)


Dia linn.
(ar an gcéad sraoth)

Dia linn is Muire
(ar an dara sraoth)

Dia linn is Muire isdo shláinte
(ar an tríú sraoth).

Tá Dia láidir is máthair maith aige.

Is  fearra dhuit Dia buíoch díot, ná an dá aspal déag.

Má tá Dia i gcabhair duit, deineadh an diabhal a dhícheall

Níor dhúin Dia bearna riamh ná go n-osclódh sé ceann eile.

Dia linn is doech is ná rabhadh choíche bocht.

Nár chloise  ár namhaid sinn.
(le linn a bheith a cúchaint ar dhaoine a d'fhéadh diobháil a  dhéanamh duit)

*Is maith liom a an ceann sin!!   ;D  ;D  ;D





.
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Thursday 23 October 08 13:16 BST (UK)
*CúLchaint*
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Xotan on Tuesday 06 July 10 22:14 BST (UK)
Feictear dhom, cinnte, nach mbaintear mórán úsáide as an Ghailege san úirlis bhreá ríomhaireachta seo.

B’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge beo fós in Éirinn, ach tá sí á labhairt i gcónaí sa chúinne seo den Languedoc/Roussillon i ndeisceart na Fraince.  Agus tá dánta á gcumadh innti chomh maith:


Pangur

Mise Pangur an cat,
Luchtiarna an tí;
Muna mbíonn mé amuigh,
Bím istigh.   
                                              
Seilgim na lucha                                          
Le chrúb géar mar chorrán,                           
Ach déanaim cúis le Francaigh,           
Languedoc ‘s Roussillon.                                     

Is cat an-aineolach mé,                                
Dar le gach saoi;                                          
Ní scríobhaim m'ainm,                                
Ní féidir liom guí.                                       

Ach tá cara sár-naofa 'gam,                     
Manach gan locht,                                       
Agus déanfaidh sin 'n gnó                           
Do Phangur Dubh bocht.                             .

© 10 May 2008


[Gabh mo leithsceal, A Phanguir Bhain]
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Tuesday 06 July 10 23:04 BST (UK)
Ta an Gaeilge beo, ach b'fheidir nach úsáideann na daoine ginealaigh é?
B'féidir nach bhfuil Gaeilge maith ag siadsan atá suim acu ina bpréamhanna ..

Is maith liom an dán - maith thú Xotan

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Xotan on Tuesday 06 July 10 23:11 BST (UK)
Grm agat A Eadaoin!

Is brea liom gur bhain tu taitneamh as an dainin sin.

[Ni feidir liom an sineadh fada a chur isteach mar is mearchlar nua e seo, agus nil se chomh furasta e a usaid.]

Xotan
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Xotan on Monday 11 October 10 11:16 BST (UK)
A Éadaoin,

Cuireann an ríomhphost thuas saghas imní orm.  Agus cinnte ní chlicfeódh mé riamh ar an nasc atá churtha ar fáil ann.

Nasc gan aithne = CONTÚIRT

B'fhéidir nár mhiste an seoltóir a shéiceáil ag duine a bhfuil cleachtadh aige/aici ar rudaí mar seo.

Agus más rud é gur ríomhchladhaire atá ann, an féidir cosc iomlán a chur air, le do thoil?

Ach idir an dá linn, tá sé níos sábháilte don ghnáthdhuine gan dul isteach ar an nasc.

David.
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Monday 11 October 10 18:18 BST (UK)
Xotan
ni fheicim ríomhpost nua, ach fuair mé teachtaireacht go raibh rud nua ar an téad ... b'fheidir go raibh imní ar an "mod" freisin?

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: Xotan on Monday 11 October 10 18:36 BST (UK)
A Éadaoin,

tá an ríomhphost imithe ceart go leor.

Is trua liom cur isteach ort.

David
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Wednesday 07 December 11 19:42 GMT (UK)
Oíche Nollag

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc;
Adaigh an tine is téir chun na leapa:
Luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht.

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An Mhaighdean a thiocfaidh is a Naí ar a hucht;
Deonaigh do shuaimhneas a ligean, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an teach seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dteach sin na haíochta,
Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an teach seo anocht



Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Monday 12 December 11 14:24 GMT (UK)
GRMA, AISLINN, as ucht an amhráin /dán deas.
Is le Máire Mac an tSaoi , nach ea?

Bhíomar á canadh i mo rang Gaeilge, seachtan ó shoin.

eadaoin
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: eadaoin on Thursday 15 December 11 23:59 GMT (UK)
Seo ceann eile ...

Cuireadh Do Mhuire
le Máirtín Ó Direáin

An eol duit, a Mhuire,
Cá raghair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Dod leanbh naofa,
Tráth bhfuil gach doras
Dúnta Ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?

Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar chianda
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhanta

... bainaigí taithneamh as
Title: Re: Linc: Irish Gaelic
Post by: AISLINN on Monday 02 January 12 23:48 GMT (UK)
Measaim go bfhfuil  an fíor tradisiún caillte againn....idir litríocht,cultiúir agus meas ar gach a baineann leis ár noidhreacht....  >:(  :(